de

Faoibe Nic Bhearnaird
Fidil, Feadóg Mhór

De bhrí go raibh eagla uirthi roimh an múinteoir agus roimh bheith ag síor-cleachtadh, d’éirigh sí as a bheith ag foghlaim na fliúite sasanaí i rang a sé agus an seannath lom ceanndána sin i mbarr a béil aici – "Ní dhéanfad choíche!" Mar sin féin choinnigh sí uirthi ar feadh tréimhse ag seinm faoi rún.

Agus í fós ina leanbh dhamhsaigh sí go lúcháireach le “Trip to Sligo” ón gcéirnín de chuid Amiga “Different Kind”.

Fuair sí fidil mar oidhreacht óna haintín mhór Biggy agus ba é sin ceann de na fáthanna maithe tús a chuir leis an bhfidileoireacht.

An chúis mar go bhfuil an méid sin spéise agam i bhfidileoireacht – dob é an múinteoir fidileoireachta ab ansa liom a mhínigh dom é sa chéad cheacht: "Foghlamaíonn tú na foinn ghaelacha cosúil le teanga ar bith. Nuair a thosaíonn tú aithne cheart a cuir orthu is ansin a thuigeann tú na jócanna freisin, s’é sin na hornáidí agus na hathruithe éasúla agus tar éis tamaillín bíonn tú féin in ann iad a sheinm. Sa cheol gaelach breathnaítear ar an bhfidil mar uirlis rithime. Go bunúsach baintear feidhm as na cosa agus as an láimh bhoghta go díreach mar a dhéanfadh drumaóir. Agus an druma mór i gcónaí ar an gcéad bhuille..." A leithéad de rud! Beidh mé ag iarraidh an méid sin a thiuscint feadh mo ré.

Ina theannta sin tá suim mhór agam i gcapaill.